Shop More Submit  Join Login
Group Info Group Founded 3 Years ago Statistics 125 Members
6,636 Pageviews114 Watchers

Gallery Folders

Gearrscealta
Teangacha eile - Other Languages
Go raibh míle, míle, míle maith agaibh chuile duine: idir baill, watchers agus ealaíntóirí. Lenár 4ú mí, tá 70 baill againn anois, agus tá an grúpa 'g éirí níos láidire achán lá! Coinnigí suas é agus maith sibh! :bow:

OK, so an plé atá againn inniu:

Cá bhfuair tú do chuid Gaeilge, agus 'bhfuil teangacha eile ar do thoil agat?

Tá 's agam go bhfoghlamaíodh an chuid is mó denár gcuid Gaeilge ár scoil nó sa Ghaeltacht, (agus más rud é go bhfuil an t-ádh agat agus tá tusa i do chónaí sa Ghaeltacht, abhaile), ach táthar ann a bhfuair an theanga in áiteanna eile: ranganna, ó chairde nó cairde pinn, óna dtuismeothóirí nó b'fhéidir óna seantuismeothóirí srl, srl...
Tháinig mo chuid Gaeilgese chugam ar scoile, agus ní cainteoir dhúchas mé.

Agus cad é faoi theangacha eile?
Is cosúil go mbeadh an Bhéarla ag cuid mhór dena daoine sa ghrúpa, ach is eol dom faoi cúpla Spáinnigh agus Rúisigh a fhoghlaim an theanga leo féin, gan Béarla ar bith acu.

Leis sin, caithfidh mé ár mball is gníomhaí a lua!
irlandesaaa.deviantart.com/

Maarrr tá tuilleadh curtha ag an chailín Brasaíleach seo sa ghrúpa seo ná duine ar bith eile. Agus mar bharr ar sin, d'fhoghlaim sí a cuid Gaeilge uile go hiomlán léi féin!
Agus mar bharr ar sin: tá sí ag teacht go hÉirinn an bhliain seo chugainn! :boogie:

An eagróidh muid rud éigin anseo di? :wave:

(b'fhéidir go mbeidh plé eile againn go luath ar sin, ach déan trácht más maith leat!)
More Journal Entries

Recent Journal Entries

Affiliates

:iconirish-manga-artists::iconirish-dance-lovers::iconirish-deviants-club::iconsomelikeitkilted::iconceltic-art::iconvlaanderen::iconan-ron::iconthefaroeislands::iconallcultures::iconliberation-fronts::iconcosplay-ireland::iconbelarusartist::iconirishanimeartists::iconliteraturacatalana::iconodessadvizh::iconportugart::icondeviouslyamerican::icondeviants-extremadura::iconirelandart::iconafricanvalley::iconjapanxbelarusfc::iconrus-home::iconkrakowianie::icondigitalua::iconsoviet-hetalia::iconkarpusi::iconestonian-artists::iconaph-middle-east::iconahportugal::iconwrittenindanish:

Fáilte Romhaibh!

[Click gaeilge-ar-da.deviantart.com/b… for English all those who don't speak Irish, are still learning or who perhaps don't understand the cryptic Ulster dialect. This group is for everybody and anybody, regardless of how much Irish you speak. Join and show your support! For lessons, click celtic-art.deviantart.com/blog…]



Dia daoibh agus fáilte go dtí an ghrúpa amháin do Ghaeilgeoirí ar DA!
:D


Seo grúpa ar son ealaín na Gaeilge ar DA agus don phobal (beag :P) na nGaeilgeoirí ar an suíomh seo.
Déanfaidh mise agus na riarthóirí (admins) eile ár seacht ndícheall bhur gcuid oibre a chur chun cinn do phobal na DA go léir.

Glacaimid le filíocht, gearr-scéalta, úrscéalta, péintéireacht, tarraingt, grianghrafadóireacht agus fiche rud eile: fáilte roimh gach cineál ealaíne!

Agus chomh mhaith leis sin beidh blaganna, díospóireacht agus plé ann más féidir.

RIALACHA:
1. Caithfidh gach píosa litríochta a bheith déanta trí mheán na Gaeilge amháin*.

2. I gcas na grianghrafadóireachta agus na hamharcealaíne, ní gá daoibh ach téama Gaeilge, Éireannach nó rud éigin atá bainteach le do theanga nó le do chultúr féin a chur isteach.

3. Caithfidh tú ‘bheith measlach le daoine eile agus a gcuid ealaíne ag gach am agus tú i do bhaill anseo.

4. Ní glactar le ídé agus maslaí, agus má tá tusa ag masladh oibre na ndaoine eile, caithfear as an grúpa seo thú.

5. Bain sult as an ghrúpa agus as obair na ndaoine eile!

* GLACTAR LE píosaí ealaíne atá i dteangacha réigiúnacha eile, mar shampla píosa i nGaeilge na hAlban, an Mhannainis, an Bhreatainis, an Bhascais, an Chatalóinis srl
Ach caithfidh tú iad a chur in san fhillteán “Teangacha eile – Other Languages”

Chomh mhaith le sin más rud é gur mhaith leat rudaí a uaslódáil atá bainteach leis an Ghaeilge ach atá scríofa sa Bhéarla, is féidir leat, ach tá ort é a chur san fhillteán “Béarla”.

Ná déanaigí dearmad bhur gcuid ealaíne a chur san fhillteán ceart! Scriosfaidh mé é muna bhfuil!
Níl teorainn ar bith ar an méid ealaíne is féidir leat a chur leis an ghrúpa gach lá: tá tú saor do rogha rud a dhéanamh!

Síocháin, grá agus sonas oraibh uilig,
Conchúr Ó hÓgáin :)

Deviants

Admins

Founder


:icongra-te-agus-brioscai:

Comments


Add a Comment:
 
:iconlykkirykki:
LykkiRykki Featured By Owner Oct 22, 2014  Student Traditional Artist
dhia duit! Cad é mar atá tu? Is foghlaim Gaeilge agus Ba mhaith liom dá sheiceáil tú amach mo ghrúpa Gaelige Scoil (é a bhí ach suas ar feadh cúpla mí agus nach bhfuil i bhfad.) 
Reply
:iconnachapaillinigaeilge:
NaChapailliniGaeilge Featured By Owner Mar 17, 2014  Student General Artist
Dia duit gach duine. Is mise ChapiG. Agus taim I mo chonai I Dun na nGall.
Reply
:iconmerrymancomics:
MerrymanComics Featured By Owner Mar 18, 2014  Hobbyist General Artist
Fáilte.
Reply
:iconnachapaillinigaeilge:
NaChapailliniGaeilge Featured By Owner Mar 18, 2014  Student General Artist
An bhfuail try go maith?
Reply
:iconmerrymancomics:
MerrymanComics Featured By Owner Mar 19, 2014  Hobbyist General Artist
An-mhaith! Agus tu féin?
Reply
(1 Reply)
:iconmerrymancomics:
MerrymanComics Featured By Owner Mar 14, 2014  Hobbyist General Artist
Hi a chairde.
Reply
:iconsupernatural-studios:
Supernatural-Studios Featured By Owner Oct 6, 2013  Hobbyist Digital Artist
Dia duit! Is mise Megan agus táim in a coineadh (sp) í an Clár! Conas a tá túar maidin?
Reply
:iconveggie55:
Veggie55 Featured By Owner Mar 8, 2013  Hobbyist Digital Artist
Ó, níor thug mé faoi deara go raibh grúpa den saghas seo ar an suíomh seo.
Is maith an smaoineamh é!
Reply
:iconclarabelle16:
ClaraBelle16 Featured By Owner Sep 18, 2012  Hobbyist Traditional Artist
ghrúpa gaeltachta? Cén fáth ní raibh fhios agam faoin é seo? Tá brón orm níl mo ghaeilge foirfe agas bíonn mo litriú úfásach
Reply
:iconlillonwy:
Lillonwy Featured By Owner Sep 3, 2012  Student General Artist
I miss read Gaeilge for Gàidhlig

...*casually shuffles away from this page*
Reply
Add a Comment: